Accueil  💃🎤 Paroles de chanson Française et Internationnales

 A   B   C   D   E   F   G   H   I   J   K   L   M   N   O   P   Q   R   S   T   U   V   W   X   Y   Z   0   1   2   3   4   5   6   7   8   9 
Artiste : Anuna
Titre : Buachaill Ón Éirne
Buachaill ón Éirne mé
´S bhréagfainn féin cailín deas óg
Ní iarrfainn bó spré léithe
Tá mé féin saibhir go leor
´S liom Corcaigh ´a mhéid é

Dhá thaobh a´ ghleanna ´s Tír Eoghain
´S mura n-athraí mé béasaí
´S mé n´ t-oidhr´ ar Chontae Mhaigh Eo

Rachaidh mé ´márach
A dhéanamh leanna fán choill
Gan choite gan bád
Gan gráinnín brach´ ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh
Mar éideadh leapa os mo chionn
´S óró sheacht mh´anam déag thú
´S tú ´féachaint orm anall

Buachailleacht bó, mo leo
Nár chleacht mise ariamh
Ach ag imirt ´s ag ´ol
´S le hógmhná deasa fá shliabh
Má chaill mé mo stór ní móide

Gur chaill mé mo chiall
A´s ní mó liom do phóg ná´n bhróg
Atá´r caitheamh le bliain

A chuisle ´s a stór
Ná pós an seanduine liath
Ach pós a´ fear óg, mo leo
Mur´ maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill
Gan ó nó mac os do chionn
A shilfeadh a´n deor
Tráthnóna nó´r maidin go trom