Fáilte don éan is binne ar chraoibh Labhras ar caoin na dtor le gréin; Domsa is fada tuirse an tsaoil Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir
Cluinim, cé nach bhfeicim a gné Seinnm an éan darb ainm cuach; Amharc uirthi i mbarra géag Mo thuirse ghéar nach mise fuair
Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin Amharc Éireann deas is tuaidh Blátha na dtulca ar gach taoibh Dóibh is aoibhinn bheith dá lua
Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m’amharc d’fháil Go bhfeicim ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás! Cuid de mo ghruaim – ní ghluaisim chun cruinnithe le cách Ar amharc na gcuach ar bhruach na coille go sámh