Ó a Shliabh Geal gCua na féile Is fada uait i gcéin mé I m´shuí cois cuain i m´aonar Go tréithlag faoi bhrón An tuile bhuí ar thaobh díom
´Dir mé ´gus tír mo chléibhe ´Sa Shliabh Geal gCua na féile Go tréithlag faoi bhrón
Dá mbeinnse ´measc mo ghaolta I sceithín ghlas na scéimhfhear Nuair a scaipeann teas na gréine Ó spéir gheal gan smál Nó dá mbeinne ´n-siúd faoin réaltain Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann Ó a Shliabh Geal gCua, nar dhéirc sin Dá mb´fhéidir é ´fháil
´Sé mo léan nach bhfuair mé tógaint Le léann is mórchuid eolais I nGealainn uasal cheolmhar Ba sheolta mo bhéal Ó threabhfainn cuairt thar sáile
Is thabharfainn bua thar barr chughat Mar a Shliabh Geal gCua Ba bhréa liom thú´ardú fé réim