Accueil  💃🎤 Paroles de chanson Française et Internationnales

 A   B   C   D   E   F   G   H   I   J   K   L   M   N   O   P   Q   R   S   T   U   V   W   X   Y   Z   0   1   2   3   4   5   6   7   8   9 
Artiste : Anuna
Titre : The First Day
Stiúraigh mé dod´ mholadh
Cé nach ollamh mé um éigse
A ghnúis ainglí gan locht
Thug sú t´ochta dom réiteach
Tiomnaim mé fad´ chomairc

A bhuime mhúirneach an Aen-mhic
Is fá do scéith díon mo chorp
Mo chroí, mo thoil is mh´éifeacht
A theampaill na dtrí bpearsan
Athair Mac is Naomh Spioraid
Guím thú dom fhurtacht
Uair mo bhreatha is mh´éaga
A Rioghain, dá dtug an Rí
An tAthair, síorbhuíochas
Óigheacht is bheith ad´mháthair
Gabhaim do pháirt dom réiteach
A shoithig iompair an lóchrainn
A ró-shoillse os cionn gréine
Tarraing mé fad´ dhíon i gcuan
As loing diomuan an tsaoghail
A Mhuire mhodhail, mhaiseach
Is ceannsa, cneasta, maorga
Ní tuirseach mé fad´ ghairm

´Stu mo chrann bagair lá an bhaoghail