💃🎤 Paroles de chanson Française et Internationnales 🎤💃

 A   B   C   D   E   F   G   H   I   J   K   L   M   N   O   P   Q   R   S   T   U   V   W   X   Y   Z   0   1   2   3   4   5   6   7   8   9 
Artiste : Tri Yann
Titre : Cad e sin don te sin
Má théimse chuig áirnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí´s gach cruinniú dan tsórt
Má tím daoine súgach´s má bhím súgach leo
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?

Má tím daoine súgach´s má bhím súgach leo
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?
Má tím daoine súgach´s má bhím súgach leo
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?

Má théim´na coille craobhaí, ´cruinniú sméara nó cnó
´Bhaint ulla de ghéaga nó bhuachailleacht bó ;
Má shínim seal uaire faoi chrann´ deanamh só
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?...

Chuaigh mé chun aonaigh is dbiol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid´s ar giní bhuí óir;
Má ólaim an t-airgead´s má bhronnaim an t-ór...
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?...

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earra ná eadáil, gan bólacht nó stór
Má tá mise sásta´ mo chónai i gcró...
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?...